魔镜歌词网
魔镜歌词网 > 欧美歌手 > Kila > Suas Sios > Suas S¡os

Kila



歌词
专辑列表

Kila

Suas S¡os

Siúl suas síos agus trid lár an bóthar,
Thar an timpeallán 's ar ais aris,
Siúl le do shúil cas le do chos,
Clé deas clé deas beannaigh an té a
bhuaileann tú le,
Pioc suas cloch agus breac síos smaoineamh,
Súil go dtí an abhainn agus caith isteach é,
Samhlaigh an t-uisce ag glanadh trid do aigne,
Ag réitiú na fadhbanna 's cuir leigheas i réim aris,

Seo léi,

Nil aon slat tomhais ach an lá i ndiaidh laethanta,
'S cé mar a bhraitheann tú an lá dar gcionn san,
'bhfuil cuma na misneach ar radharc do radharc,
'bhfuil tú ag cúlú siar nó 'bhfuil tú sásta dul i
ngleic leis,
Pioc suas spáide 's cuir do lámh sa láib,
Glan amach spás agus cuir síos síol,
Gach seans go bhfásfaidh do phlanda go hard duit,
Cas port, tochal an gort, cuir leigheas i réim aris,

Seo léi,

Phioc mé cloch agus chaith mé é,
'S dúirt an t-uisce liom nach raibh aon soiscéal,
Ghluais mé ar aghaidh suas cuig an timpeallán,
Deiseal agus tuathail agus drom ar ais aris,
更多更详尽歌词 在 ※ Mojim.com 魔镜歌词网
Shuí mé sios ins an trácht aris,
An síor bíp bíp ins an trácht aris,
Agus thuig mé ansin mar a thuigeann muid,
ar fad,
Go bhfuil rithim ár anál ins an taoide ins an trácht,

Seo léi,

Sin sin an adhaim agus seo dom mo,
chomhairle,
Go bhfanfaidh mé i bpáirt leis an leigheas atá,
i mbun,
Guíom do m'anam ó ham go ham,
Go gcuimhneoidh mé go díreach cad tá le,
bheith ar bun agam,
Pioc lár an féilire agus abair cá háit ar mhaith,
leat bheith,
Abair cad ar mhaith leat a bheith ar bun agat ansan,
Dírigh do mheon air, treoraigh do aigne,
Téir ar a thóir 's cuir leigheas i réim aris,

Seo léi,

Phioc mé cloch agus chaith mé é,
Chum mé amhrán agus scríobh mé scéal.